Benutzer:MacCambridge/Seán Ó Néill

aus Wikipedia, der freien Enzyklopädie
Zur Navigation springen Zur Suche springen

Vorlage:Bosca Sonraí Monairc

Seán Donnaíleach Ó Néill (ältere Orthographie Seaán Donnghaileach Ó Néill, anglisiert Shane O’Neill; * 1529 in Tír Eoghain (Tyrone); † 2. Juni 1567 in Bun Abhann Duinne (Cushendun), Aontraim) war als Ó Néill („der O’Neill“) ein irischer Häuptling (taoiseach) in Ulster. In späterer Zeit wurde auch als Seán an Díomais (Shane the Proud, Seán, der Stolze) genannt. Theastaigh uaidh i gcónaí a bheith i gceannas ar Thír Eoghain, talamh dúchais a chine, agus fiú ar Chúige Uladh, mar go raibh a shinsir ina ríthe, dar leis, ar an gcúige ó thús na staire. Bhí Seán in iomaíocht le daoine eile a mhaígh gurb iad féin oidhrí a athar, Conn Bacach, agus leis na Sasanaigh a raibh comharba eile roghnaithe acu.

Faltanas Teaghlaigh[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

Thug na Sasanaigh teidil Shasanacha do thiarnaí Gaelacha chun iad a chur faoina smacht féin. Rinne siad Iarla Thír Eoghain de Chonn Bacach Ó Néill, agus de réir a ndlí ba chóir go dtiocfadh a chéad mhac i gcomharbacht air, rud nár réitigh le nósanna na nGael. Ba é an Feardorcha an mac ba shine de chuid Choinn, ach chuaigh Séan chun cogaidh leis chun forlámhas a ghnóthú dó féin. Nuair a fuair an Feardorcha bás ghlac na Sasanaigh chucu a mhac, Aodh Ó Néill, chun é a chosaint agus a ullmhú le bheith ina Iarla ar bhás Choinn.

Le cúnamh óna mhuintir altrama, muintir Dhonnaíle, ar dtús, agus ansin ó Chlann Dónaill Alban, d'éirigh le Seán gach duine a bhí ina choinne a mharú nó a chur faoi chois agus toghadh mar Ó Néill é, rud a bhí mídhleathach de réir dlí na Sasanach ach dlisteanach de réir dlí na nGael.

Caidreamh leis na Sasanaigh[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

Ba chúis imní do rialtas Shasana an ceangal dlúth a bhí idir theaghlaigh Ghaelacha in Éirinn agus in Albain, agus rinne siad iarracht scoilt a chruthú eatarthu. Sheas Seán Ó Néill an fód le Clann Dónaill na hAlban nuair a rinne na Sasanaigh iarracht iad a chur faoi chois. Nuair a chonaic banríon Eilís I Shasana an chumhacht a bhí ag Ó Néill rinne sí iarracht síocháin a dhéanamh leis agus é a aithint mar Iarla Thír Eoghain. Bhí an oiread sin geallúintí maidir lena shábháilteacht féin de dhíth ar Ó Néill áfach go ndearna an Sasanaigh iarracht é a chur faoi smacht agus duine eile a chur ina áit mar Iarla.

Spreag na Sasanagh taoiseach Thír Chonaill chun troda le Seán Ó Néill, ach ghabh Ó Néill Calbhach Ó Dónaill agus rinne príosúnach de ar feadh trí bliana. Rinne an Tiarna Sussex slad ar thailte Uí Néill ach ní ghéillfeadh Seán. Le cabhair ó Iarla Chill Dara, col ceathar le Seán, thug Eilís cuireadh do Ó Néill teacht chun cainte léi i Sasana. Chuaigh sé anonn le cúpla taoiseach eile, agus buíon gallóglach leis mar gharda, agus ba léir do bhanríon Shasana a chumhacht. Thuig sí go bhféadfadh sé comhghuallaíocht a bhunú leis an Spáinn nó le naimhde Caitliceacha eile Shasana ar an Mhór-Roinn, agus ghéill sí dá chuid éileamh. Aithníodh é mar "Ó Néill".

Cogadh i gCúige Uladh[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

A fhad is a bhí Seán gnaitheach i Londain rinne a thánaiste, Toirealach Luineach iarracht ceannas a ghabháil ina áit, ach ní raibh moill ar Sheán deireadh a chur lena iarracht nuair a shroich sé an baile. In ainneoin iarrachtaí Sussex chuaigh Seán chun cogaidh le Ó Dónaill arís agus le Clann Domhnaill Alban le ceannas a fháil ar Chúige Uladh. Chuir Eilís cúpla feachtas mileata isteach sa chúige ina choinne ach ba bheag toradh a bhí ar a n-iarrachtaí.

B'eol do Sheán go raibh iarrachtaí déanta ag Sussex é a mharú le nimh, agus rinne sé a ghearán faoi sin. Thoiligh Eilís conradh a dhéanamh leis agus ghéill sí don chuid ba mhó dá chuid éileamh.

Chuaigh Ó Néill chun cogaidh le Clann Domhnaill anois, ag maíomh go raibh toil na banríona á comhlíonadh aige: na hAlbanaigh a ruaigeadh as Éirinn. Ba bheag an toradh a bhí ar an gcath a throid sé ina gcoinne Chlann Dónaill in aice le Cúil Raithin i 1564, ach an bhliain dar gcionn rinne Seán ionradh ar na Glinnte, bhuail sé cath ar Chlann Dónaill i nGleann Seisc in aice le i [Baile an Chaistil]], agus d'éirigh leis príosúnaigh a dhéanamh dá dtaoiseach, Séamas Íleach (a cailleadh go gairid ina dhiaidh sin) agus dá dheartháir siúd, Somhairle Buí.

Bhí Séan Ó Néill an-chumachtach ag an bpointe sin, agus eagla ar na Sasanaigh roimhe. Rinneadh socraithe lena chur faoi chois, ach d'éirigh le Ó Néill an Pháil a shlad, agus d'iarr ar Iarla Dheasmumhan cuidiú leis. Rinne na Sasanaigh ionradh ar Thír Chonaill áfach, agus chuir siad Calbhach ar ais i gcumhacht ansin.

Díomua agus Bás[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

Theastaigh ó Sheán Ó Néill conradh síochána a dhéanamh ansin, agus rinne sé iarracht cabhair ar fháil ón Fhrainc. Bhuaigh Ó Dónaill cath ina choinne ag Fearsaid Súilí in aice le Leitir Ceanainn agus scriosadh a arm. Maraíodh a chomrádaí agus a dheartháir altrama, an Dualtach Ó Donnaíle, sa chath. Theith Ó Néill go dtí na [[Glinnte[[, agus cúnamh á lorg aige ó Alastair Óg Mac Dónaill. Thug sé a phríosúnach, Somhairle Buí (deartháir Alastair Óig), leis agus slua beag [[gallóglac[[, agus chuaigh sé chun cainte le hAlastair Óg agus a mhuintir i mBun Abhainn Doinne. Nuair a chlis ar na cainteanna idir é féin agus Clann Dónaill ar an 2 Meitheamh 1567 maraíodh Seán go fealltach. Cuireadh é i reilig na mainistreach in aice láimhe agus, ceithre lá ina dhiaidh sin tháinig buíon Sasanach faoin gcaptaen Piers ar an láthair, thugadar a chorp aníos, bhaineadar an ceann de, agus chuireadar go Baile Átha Cliath é lena chur ar taispeáint.

A phearsanacht[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

I súile na Sasanach ba bhrúid gan bhéasa gan léann é Seán Ó Néill. Ba chinnte go raibh sé ina fhear crua, ina pholaiteoir glic agus ina throdaí den scoth. Chuir sé uaidh a chéad bhean, iníon le Séamas Íleach Mac Dónaill, agus chaith sé go dona lena dara céile, deirfiúr le Calbhach Ó Dónaill. Maígh Calbhach gur céasadh é nuair a bhí sé ina phríosúnach aige, agus thug sé bean Chalbhaigh chun leapan leis: bhí scata páistí aige léi agus phós sé í 1565. Sháraigh sé na Sasanaigh i bpáirc an chatha agus i ndáil na Cúirte. Ba mhór an pléisiúr do na Sasanaigh é nuair a maraíodh é.

Tháinig Toirealach Luineach i gcomharbacht air mar thaoiseach. Rinne a chlann mac iarrachtaí éagsúla ceannas a ghlacadh i dTír Eoghain, ach níor éirigh leo.

Tagairtí[Bearbeiten | Quelltext bearbeiten]

  • Ciaran Brady, Shane O'Neill, Dundalgan Press, 1996
  • Hiram Morgan, Tyrone's Rebellion, The Outbreak of the Ninew Years War in Tudor Ireland, Woodbridge 1993
  • Proinsias Ó Conluain, "Dutiful old Knight and Formidable Foe" in Dúiche Néill 13, 2000



Catagóir:Taoisigh Éireannacha Catagóir:Daoine a rugadh i 1529 Catagóir:Básanna i 1567